top of page

DDLETB
Fís & Luachanna

Árfísé a bheith i gceannas go gníomhach ar sholáthar oideachais agus oiliúna ar ardchaighdeán.

Ármiseanchun raon leathan clár oideachais agus oiliúna, seirbhísí agus tacaíochtaí a sholáthar do leanaí, do dhaoine óga agus do dhaoine fásta ar fud réigiún BOTBACDL. Cuirimid an foghlaimeoir i gcroílár gach a ndéanaimid, agus creidimid go bhfuil an fhoghlaim ar feadh an tsaoil ríthábhachtach maidir le forbairt phearsanta agus folláine, cuimsiú sóisialta, agus rathúnas eacnamaíoch.

Untitled design (1)_edited.jpg

Ár luachanna oibriúcháin

  • Comhionannas:Cothroime, meas agus cuimsiú sa chaoi a gcaitear lenár bhfoghlaimeoirí, lenár bpáirtithe leasmhara agus lenár bhfoireann agus cultúr ina gcuirtear fáilte roimh an éagsúlacht agus ina gcuirtear luach uirthi.

 

  • Comhoibriú:Oibriú i gcomhpháirtíocht lenár bhfoghlaimeoirí, lenár bpáirtithe leasmhara agus lenár bhfoireann agus comhroinnt eolais, saineolais agus scileanna a éascú.

 

  • Nuálaíocht: Fanacht chun tosaigh i soláthar oideachais agus oiliúna trí smaointe nua a spreagadh, trí chur chuige éagsúla a thriail agus freagairt d’athruithe.

 

  • Gairmiúlacht:Cúirtéis, éifeachtúlacht agus sármhaitheas inár ndéileálacha lenár bhfoghlaimeoirí, lenár bpáirtithe leasmhara agus lenár bhfoireann agus ag obair de réir na gcaighdeán is airde san oideachas agus san oiliúint.

 

  • Ionracas:Macántacht, trédhearcacht agus rúndacht agus ár bhfreagrachtaí mar sholáthraí foghlama ar feadh an tsaoil a chomhlíonadh ar bhealach comhsheasmhach eiticiúil.

FOGHLAIM A BHAINT AMACH, Lógó, DDLETB

Tá sé mar aidhm iomlán againn cur ar chumas ár bhfoghlaimeoirí a lánacmhainneacht aonair a bhaint amach agus déanaimid ár ndícheall eispéiris foghlama a thairiscint a fhreagraíonn do riachtanais foghlaimeoirí de gach aois agus cumas. Cinntímid go bhfuil treoir agus tacaíochtaí ar fáil dár bhfoghlaimeoirí chun cabhrú leo a gcuid spriocanna foghlama agus cáilíochtaí inmhianaithe a bhaint amach.

 

Áirímid roghanna aistrithe agus dul chun cinn dár bhfoghlaimeoirí chun a gcuid deiseanna a uasmhéadú chun breisoideachas agus oiliúint a leanúint agus fostaíocht a fháil. Aithnímid an tábhacht a bhaineann le háitribh agus acmhainní oiriúnacha dár bhfoghlaimeoirí inár dtiomantas don oideachas cuimsitheach. Tá ár bhfoghlaimeoirí agus ár bhfostaithe mar chuid de líonra oideachais níos leithne, áit a mbímid ag comhoibriú agus ag tacú lena chéile chun teagasc agus foghlaim a fheabhsú do chách. 

 

Chun sonraí iomlána a fháil maidir lenár seirbhísí, ár scoileanna agus ár n-ionaid tabhair cuairt le do thoil ar ár suíomh Gréasáinwww.ddletb.ie

bottom of page